Click on the red marker on the map below for a link to the FindMyPast transcript. (Free, registration required).
de Stábultún | Stapleton: líonmhar: Tiobraid Árann-Cill Chainnigh. Angla-Normannaigh a shocraigh ins na h-áiteanna sa thuas go luath tar éis an Ionraidh. Tugadh Mac an Ghaill agus Gall Dubh orthu nuair a gaelaíodh iad. Tiontaíodh ar ais go Gaule níos déanaí. D'fhoillsigh an t-Ath. Theobald Stapleton Teagasc Críostaí i 1639 ach mharaigh saighdiúirí Chromail é in ard-eaglais Chaisil i 1647. Tar éis treascartha 1691, d'imigh a lán díobh ar an Mór-Roinn, m.sh., an Ginearál Walter V. Stapleton a throid ag léigear Luimnigh, ag cath Fontenoy agus a thuit in gcath Chúlodair, 1746. Cú Chulainn na h-aoise sin, gan amhras. |
Galldubh | Stapleton, Stackpoole: Leas-ainm a ghlac na clanna Angla-Normannacha chucu ins na céadta Gaelacha (13ú & 14ú). Bhí Stapleton i gCill Chainnigh ó thosach an Ionraidh agus tháinig Stackpoole ón mBreatain Bhig go dtí an Pháil sa 13 céad. MIF. |
Mac an Ghaill | Mac Gill, Stapleton: líonmhar san Oir-dheisceart mar Stapleton, Angla-Normannaigh a shocraigh i gCill Chainnigh agus ghlac an sloinne Gaelach sa chucu féin. |
Stapleton | numerous: Tipperary-Kilkenny etc. Anglo-Normans who settled in Kilkenny after the Invasion, they became gaelicised and adopted the patronymic Mac an Ghaill (son of the foreigner), which was re-anglicised Gaule, q.v. MIF. |
Parishes where a Stapelton and a second surname married each other.
This list shows total Stapelton Roman Catholic marriages by county.
Click on the county to see detail.